An Ghaeilge

Fís agus Fiúntas

Is mó ná gnólacht í tír na hÉireann. Is ceart go mbeadh meas ar dhínit an duine, agus freisin ar shaol an teaghlaigh agus an phobail. Sa Seanad, iarraim a bheith i mo abhcóide comhsheasmhach dearfach faoi choinne sochaí a bhfuil meas ar chuile dhuine ann. Beidh mé i mo abhcóide leis faoi choinne polasaithe a mbeidh cúram sóisialta ag baint leo i gcruinne atá domhandaithe.

Tábhacht na Gaeilge

Creidim go láidir i dtábhacht na teanga dár gcultúr. Labhraím an Ghaeilge go rialta sa Seanad, agus ní hamháin nuair atá an teanga féin faoi chaibidil.

Tacaím le cuspóirí na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus le ceart tuismitheoirí oideachas trí Ghaeilge a chur ar fáil dá bpáistí.

Sa Seanad cuirfidh mé in aghaidh aon iarracht fáil réidh leis an nGaeilge mar ábhar riachtanach don Ardteist.

Oibreoidh mé go dicheallach chun a chinntiú go bhfuil seirbhísí trí Ghaeilge ar fáil ar bhunús níos leithne ón earnáil Stáit agus Poiblí.